Vous êtes sur la page 1sur 3

An Phríomh-Oifig Staidrimh

Central Statistics Office

Suirbhé ar
Rannpháirtíocht
Fostaithe na
Státseirbhíse
(CSEES)
Reáchtáiltear an Suirbhé ar Rannpháirtíocht Fostaithe na Státseirbhíse (CSEES) mar chuid de Ghníomh 25 de Phlean
Athnuachana na Státseirbhíse. Is é atá i gceist leis an CSEES ná deis a thabhairt duit labhairt mar gheall ar do phost, do
bhainisteoir agus ar lucht ceannais d’eagraíochta. Is í an chuspóir atá leis an CSEES ná rannpháirtíocht, folláine, láimhseáil
an athraithe agus tiomantas i measc fostaithe a thomhas agus a mheas. Is seans tábhachtach d’fhostaithe a dtuairimí a
chur in iúl trí páirt a ghlacadh sa suirbhé. Cuideoidh torthaí an CSEES leis, bonn eolais a thabhairt i gcomhair cinntí ar
bhainistiú straitéiseach agus seachadadh an Phlean Athnuachana.
Thug an Bord um Bhainistiú na Státseirbhíse (bord cuimsithe de gach ceannaire ar Roinn Rialtais nó Oifig lárnach Rialtais)
an tásc an suirbhé a riaradh agus na torthaí a phróiseáil don bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO).
Beidh an CSEES ar fáil le comhlíonadh ar feadh tréimhse coicíse ón 18ú - 29ú Meán Fómhair 2017. Déanfar rochtain ar
an suirbhé trí nasc cineálach ar líne, nasc a chuirfear ar fáil do gach státseirbhíseach.
Má tharlaíonn go bhfuil aon deacrachtaí agat teacht ar an suirbhé nó é a chomhlánú, le do thoil seol ríomhphost chuig an
teagmhálaí i do Roinn nó Oifig atá freagrach as comhordú an tsuirbhé. I gcás aon cheisteanna teicniúla, déan teagmháil
le csees@cso.ie.
I gcomhair tuilleadh eolais, breathnaigh ar na Ceisteanna Coitianta (CC) thíos faoi seo.

Céard é an Suirbhé ar Rannpháirtíocht Fostaithe na Státseirbhíse (CSEES)?


Is é atá i gceist leis an Suirbhé ar Rannpháirtíocht Fostaithe na Státseirbhíse (CSEES) ná guth a thabhairt duit maidir le do
phost, d’eagraíocht mar fhostóir agus maidir le mórán nithe eile a bhaineann leis an obair.

Céard is cuspóir an tsuirbhé?


Is cuid de Ghníomh 25 de Phlean Athnuachana na Státseirbhíse é an CSEES. Is é an chuspóir atá leis an CSEES ná
ceannaireacht, rannpháirtíocht, feidhmíocht agus oibriú ar fud na Státseirbhíse a thomhas agus a mheas. Cuideoidh
torthaí an CSEES leis, bonn eolais a thabhairt i gcomhair cinntí ar bhainistiú straitéiseach agus seachadadh an Phlean
Athnuachana.

Cé a dhéanfaidh an CSEES a riaradh?


Thug an Bord um Bhainistiú na Státseirbhíse an tásc an suirbhé a riaradh agus na torthaí a phróiseáil don Phríomh-Oifig
Staidrimh (CSO) mar chuid de Ghníomh 25 de Phlean Athnuachana na Státseirbhíse.
Tá an Bord um Bhainistiú na Státseirbhíse ina Rialaitheoir Sonraí ó thaobh an CSEES de. Tá sé d’fheidhm ag Rialaitheoir
Sonraí rogha a dhéanamh faoi cuspóirí agus cur chuige próiseáil ar shonraí pearsanta, sonraí ar nós na freagraí a thugtar
ar an CSEES.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ina Próiseálaí Sonraí ó thaobh an CSEES de. Déanann Próiseálaí Sonraí raon sonraí
pearsanta a choinneáil agus a phróiseáil, sonraí ar nós na freagraí a thugtar ar an CSEES, ar bhealach a bhfuil ag teacht
le dea-chleachtas cosanta sonraí.

Cén fáth a bhfuil na sonraí á bailiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh in áit na Roinne nó na hOifige ábhartha?
Thug an Bord um Bhainistiú na Státseirbhíse (CSMB) an tásc an suirbhé a riaradh agus na torthaí a phróiseáil don
bPríomh-Oifig Staidrimh toisc an saineolas atá aici i réimsí suirbhéireachta, anailíse agus aschuir staitistiúil a thiomsú.
Tá sé de chumas ag an CSO rúndacht daingean a chinntiú do gach bhall foirne a ghlacann páirt sa suirbhé agus aschur
staitistiúil a thiomsú ar na torthaí ar mhaithe le gach Roinn/Oifig ar bhonn neamhchlaonta agus neamhspleách.

Cathain a chuirfear an suirbhé ar siúl in 2017?


Beidh an suirbhé ar siúl ar feadh tréimhse coicíse ón 18 - 29 Meán Fómhair 2017.

Cé a dtógfaidh páirt sa suirbhé?


Tabharfar an deis páirt a ghlacadh sa suirbhé do gach Státseirbhíseach gníomhach. Is seans tábhachtach é seo d’fhostaithe
a dtuairimí a chur in iúl.

Conas a nglacfaidh mé páirt sa suirbhé?


Beidh an CSEES ar fáil ar líne amháin. Beidh ar chumas gach Státseirbhísigh páirt a ghlacadh sa suirbhé ach ceistneoir ar
líne a chomhlánú. Tabharfar rochtain air trí nasc ríomhphoist uathúil a eiseofar chuig gach bhall foirne trína Roinn nó Oifig.

Cén fhad a thógfaidh sé an ceistneoir a chomhlánú?


Tógfaidh sé tuairim is 30 nóiméad an suirbhé a chomhlánú.

An bhfuil sé éigeantach páirt a ghlacadh?


Níl. Ach moltar páirt a ghlacadh chun go mbeidh an deis agat do chuid tuairimí ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann
le do ról sa Státseirbhís a chur in iúl.

Céard iad na sonraí a bhaileofar?


Baileofar sonraí na bhfreagraí ar an suirbhé amháin. Áirítear sa mhéid seo freagraí ar sleachta ceisteanna a bhaineann le
rannpháirtíocht, folláine, láimhseáil an athraithe agus tiomantas don eagraíocht i measc fostaithe.

An bhfuil orm an suirbhé a chomhlánú in aon seisiún amháin?


B’fhearr go gcomhlíonfá an suirbhé in aon seisiún amháin. Sábháiltear d’fhreagra go huathoibríoch de réir mar a leanann
tú ar aghaidh tríd an suirbhé. Is féidir leat filleadh ar an suirbhé agus é a chomhlánú níos déanaí ach an nasc ríomhphoist
agus an brabhsálaí idirlín céanna a úsáid.
Má tá úsáideoirí éagsúla chun leas a bhaint as an ríomhaire/ríomhaire glúine céanna don suirbhé, is gá do gach duine
díobh é a chomhlíonadh in aon seisiún amháin.

An féidir mo chuid freagraí a nascadh liom?


Ní féidir. Tá an suirbhé seo leagtha amach ar shlí nach féidir lorg an suirbhé a chur siar go haon úsáideoir aonair. Coinneofar
an fhaisnéis uile a fhaigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi rún daingean. Bainfidh córas an tsuirbhé go huathoibríoch
faisnéis aitheantais ar bith ar nós seoladh ríomhphoist nó seoladh IP, sula sábháiltear d’fhreagra.

Cén cineál ceisteanna a mbeidh le freagairt agam?


Is iad na ceisteanna atá sa suirbhé ná ceisteanna faoi do phost, d’eagraíocht mar fhostóir agus gnóthaí eile a bhaineann
leis an obair. I bhformhór na gceisteanna taifeadtar do thuairim ar ghnóthaí oibre trí phríomhráitis a chur os do chomhair
agus iarraidh ort a roghnú cé acu an aontaíonn tú nó an easaontaíonn tú leis an ráiteas. Mar shampla, féach an cheist thíos
faoi Thiomantas:
Conas a aontaíonn tú nó a easaontaíonn tú le gach ráiteas? (Pioc rogha amháin maidir le gach ráiteas)

Ní aontaím
Easaontaím agus ní Aontaím go
go láidir Easaontaím easaontaím Aontaím láidir

1. Tiomantas

Bheinn an-shásta dá bhfuil fágtha de mo


ghairmréim a chaitheamh i mo Roinn/Oifig
reatha
Cé a bheidh in ann breathnú ar fhreagraí na suirbhéanna?
Is í foireann an tSuirbhé ar Rannpháirtíocht Fostaithe sa Phríomh-Oifig Staidrimh a bhreathnóidh ar fhreagraí a thugtar
ar an suirbhé. Ceapadh córas an tsuirbhé ar shlí go gcinntítear bailiúchán anaithnid na sonraí chun nach féidir suirbhé
comhlánaithe a cuireadh faoi bhráid a nascadh le duine ar bith. Déanfar torthaí a chomhbhailiú chun a chinntiú nach mbeidh
sonraí ar bith ar fáil maidir le grúpaí faoi bhun 10 bhfreagróir.

Céard a dhéanfar leis an t-eolas a bhailítear?


Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh anailís i dtaobh d’fhreagraí ar an suirbhé. Foilseofar tuarascáil a bhaineann leis an
Státseirbhís go léir agus déanfar tuarascáil in aghaidh gach Roinn nó Oifig a chraobhscaoileadh chomh maith. Cuirfear an
suirbhé gach dhá bliain chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn i bhfeabhsú rannpháirtíocht fostaithe.
Faoi gach Roinn nó Oifig aonair a bheidh sé gníomh a dhéanamh bunaithe ar thorthaí na tuarascála. Coinneofar na sonraí
anaithnid ón CSEES i gcomhar anailís breise, lena n-áirítear comparáid le suirbhéanna eile sa todhchaí. D’fhéadfadh sé
tarlú go ndéanfadh taighdeoirí éagsúla anailís orthu amach anseo faoi théarmaí agus choinníollacha arna leagadh síos ag
an mBord um Bhainistiú na Státseirbhíse lena chinntítear rúndacht na bhfreagróirí.

An gcoinneofar sonraí an tsuirbhé go slán sábháilte?


Coinneofar na sonraí go slán sábháilte.
Coinnítear sonraí a chuirtear ar fáil don bPríomh-Oifig Staidrimh i Líonra TF inmheánach na Príomh-Oifige Staidrimh.
Coinnítear go sábháilte iad mar is cuí, faoi rialuithe rochtana, agus tá nósanna imeachta cúltaca agus aisghabhála ann.
Laistigh den bPríomh-Oifig Staidrimh tá rochtain ag foireann an tsuirbhé amháin ar na sonraí suirbhé anaithnid. Le linn
tréimhse bhailiúcháin an tsuirbhé coinnítear na sonraí ar sheirbhís óstála tríú páirtí a bhfuil conradh déanta ag an bPríomh-Oifig
Staidrimh léi. Tá an tseirbhís seo á hóstáil i lárionad sonraí sábháilte sa Ghearmáin a úsáideann sábháilteacht, rialú rochtana
agus nósanna imeachta criptithe dea-chleachtais. Níl baint ar bith ag an tseirbhís óstála tríú páirtí le dáileadh, bailiú ná le
próiseáil an tsuirbhé. D’fhéadfadh an soláthraí seirbhíse staitisticí úsáide anaithnid a bhailiú (m. sh. líon na bhfreagraí a
bailíodh) agus b’fhéidir go mbeadh air tacaíocht theicniúil a thabhairt má iarrann an Phríomh-Oifig Staidrimh air é.

Cé chomh fada a choinneofar sonraí an tsuirbhé?


Coinneofar na sonraí go gearrthréimhseach ar an tseirbhís óstála chun dáileadh, bailiú agus tuairisciú an tsuirbhé a éascú.
Scriosfar na sonraí freagra anaithnid ar an tseirbhís óstála a luaithe agus a bheidh gach anailís agus gach tuairisciú déanta.
Íoslódálfar sonraí freagra anaithnid an tsuirbhé agus coinneofar ar feadh tréimhse éiginnte iad ar líonra TF inmheánach
agus córas próiseála na Príomh-Oifige Staidrimh ar mhaithe le tuilleadh anailíse agus tuairiscithe.

Cé chomh minic a reáchtálfar an CSEES?


Reáchtálfar suirbhé an CSEES gach dhá bliain ar fud na Státseirbhíse.

Vous aimerez peut-être aussi